Rith Míle, Siúl Míle

08-Deireadh Fómhair-18
Rith Míle, Siúl Míle

Rith Míle, Siúl Míle / School Mile Challenge


Tá Scoil Gharbháin agus Rang a Cúig ag glacadh páirt sa ghníomaíocht Rith Míle, Siúl Míle faoi láthair.
Thosaigh ‘Irish Life’ leis an gcóras seo tamall ó shin agus tá siad ag iarraidh rith a chur chun cinn mar ghníomaíocht aclaíochta do pháistí ar fud na tíre.


Ritheann rang a cúig míle iomlán tar éis an lóin gach lá. Coimeádann na páistí súil ar na hamanna a fhaigheann siad agus déanann siad iarracht feabhas a chur orthu seo gach aon lá.


Thosaigh roinnt de na páistí amach ag siúl ag tús na bliana ach tá gach uile duine acu in ann an míle ar fad a rith anois!

© 2026 Scoil Gharbháin