Réalta an tSamhraidh/Summer Stars 2026

23-Deireadh Fómhair-26
Réalta an tSamhraidh/Summer Stars 2026

RÉALTAÍ AN tSAMHRAIDH/SUMMER STARS 2026

Comhghairdeachas le daltaí Scoil Gharbháin a ghlac páirt sa scéim léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh. Míle buíochas le Sarah Fraher agus lena comhghleacaí ó Leabharlann Dhúngarbháin a bhronn boinn agus teastais ar na páistí ag an ócáid álainn scoile seo an tseachtain seo caite. Thug siad moladh agus spreagadh do dhaltaí na scoile. Táimíd an-bhuíoch as bhur gcineáltas. Ghlac breis is 89 dalta páirt sa scéim i mbliana!! 64 dalta a ghlac páirt anuraidh. Míle buíochas le tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile a spreag na páistí chun páirt a ghlacadh. Cabhraíonn an léitheoireacht i rith an tSamhraidh go mór le scileanna litearthachta na bpáistí a fhorbairt.

Tá an deis fós ann cártaí atá sa bhaile a thabhairt thar nais go dtí an leabharlann agus an teastas agus an bonn a fháil. Táimíd ag dul ó neart go neart!

A heartfelt congratulations to all our students in Scoil Gharbháin who took part in the Summer Stars Reading Programme. We are very grateful to Sarah Fraher and her colleague from Dungarvan Library who presented the participating students with certificates and medals, at an uplifting ceremony in our school grounds last week. Sarah praised the efforts of the children who participated in Summer Stars 2026. We appreciate her words of kindness and encouragement for our young readers. It is wonderful that our participating numbers have increased from 64 to 89. Our pupils came on stage and were applauded by their fellow students. Well done to parents and teachers alike who encouraged the children to engage with this wonderful initiative. Recreational reading during the Summer holidays strengthens the literacy skills of each student. Ní neart go cur le chéile!

© 2026 Scoil Gharbháin